Tionchar
Is as Doire ó dhúchas do Mary Crossin, agus tá cónaí anois uirthi i dTír Chonaill.
Bhí spéis mhór aici sa cheol ón uair a bhí sí óg, agus bhí sí páirteach in iliomad léiriúchán scoile agus cóir éagsúla. Ar bhogadh go Tír Chonaill di cúpla bliain ó shin, mhéadaigh a cuid eolais agus a tuiscint ar an gceol traidisiúnta le linn di a bheith ag freastal ar scoil cheoil thraidisiúnta ar an bhFál Carrach. D'fhorbair sí a stíl amhránaíochta féin — stíl "comhaimseartha le casadh traidisiúnta". D'oibrigh sí agus thaifead sí le hamhránaithe agus cumadóirí ó iarthar Thír Chonaill, agus bhí sí ag canadh freisin le bannaí eile san Iarthuaisceart. Faoi láthair tá sí ag foghlaim na cruite agus bíonn sí ag seinnt go rialta lena fear céile, Martin Crossin, píobaire uilleann. Tá sé i gceist ag an mbeirt acu dlúthdhiosca dá gcuid féin a thaifeadadh amach anseo.
Is as Tamhlacht i mBaile Átha Cliath ó dhúchas do Caoimhe Hogarty.
Céimí úrnua de chúrsa ceoil thraidisiúnta Choláiste Bhaile Thormaid is ea í, agus roimhe sin bhí sí ar chúrsa roc-cheoil sa choláiste céanna. Tá sí ag canadh ón uair a bhí sí óg, ach níor chuir sí spéis sa cheol traidisiúnta go dtí go raibh sí ina déagóir. Is amhránaí ar leith cumasach í, a bhfuil de bhua aici amhrán a thógáil agus a cuid féin a dhéanamh de. Tá tairbhe bainte aici as teagasc na hamhránaí Niamh Parsons agus mháistir amhránaíochta Bhaile Átha Cliath, Frank Harte nach maireann, a spreag a cuid spéise i mbailiú agus i gcaomhnú amhrán traidisiúnta.
[Cuir isteach an chéad abairt anseo]
[Cuir isteach an chuid eile den chuntas anseo]
D'fhás Andrea aníos i dteaghlach ceolmhar, agus bhí cion aici ar an amhránaíocht ón uair a bhí sí óg.
Ina tír dhúchais, an Eilvéis, chan sí i gcóir éagsúla a raibh éagsúlacht cheoil acu, mar aon le ceachtanna ceoil a thógáil ar ghléasanna éagsúla, ina measc an veidhlín. Sa bhliain 2005 bhog Andrea go Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí Ard-Dioplóma Náisiúnta amach i gceol traidisiúnta thar tréimhse dhá bhliain i gColáiste Bhaile Thormaid. Faoi láthair tá sí ag staidéar le haghaidh BA i gceol feidhmeach in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
Tá seinnte ag Páraic mar amhránaí agus mar sheinnteoir méarchláir le hiliomad bannaí, agus tá camchuairteanna déanta aige leo in Éirinn, in Albain, i Sasana, sa Fhrainc, sa Bhriotáin agus sa Ghearmáin.
Maraon le bheith ina scríbhneoir amhrán, tá sé gafa go mór le cóiriú ceol-uirlisí traidisiúnta. Tá spéis aige le fada an lá sa cheol traidisiúnta agus i gceol rac, agus tá sé ag cur níos mó spéise i snagcheol don phianó le tamall anuas. Is duine de bhunaitheoirí an ghrúpa chomhaimseartha ceoil nua-chumtha agus thraidisiúnta Bevel Jenny é, agus tá páirt lárnach aige i bpróiseas cruthaitheach an ghrúpa. Sheinn sé freisin le Foundland, Child, agus Martin agus Áine Furey ón ngrúpa Bohinta. Maraon le bheith páirteach i Tionchar, faoi láthair tá sé ag obair ar ábhar nuachumtha a bheidh mar bhunchloch ag taifeadadh nua le Bevel Jenny.
[Cuir isteach an chéad abairt anseo]
[Cuir isteach an chuid eile den chuntas anseo]
[Cuir isteach an chéad abairt anseo]
[Cuir isteach an chuid eile den chuntas anseo]