Nuashonruithe

Nuacht

Tabernacle Folk

Mar chuid den fhéile Tabernacle Folk 2013, beidh Brian, Gavin Ralston agus Darragh Morgan ag seinnt ar an Satharn, an 6ú lá d'Aibreán, ag tosú ag a 9 i.n. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó: Tabernacle Folk.

Póstaer Tabernacle Folk 2013 Póstaer Tabernacle Folk 2013

Seoladh "On The Nature Of Electricity & Acoustics"

Déanfar an t-albam On The Nature Of Electricity & Acoustics ó Heresy Records a sheoladh go hoifigiúil i mí Mhárta 2013. Bailiúchán é seo de phíosaí ceoil ó chumadóirí Éireannacha éagsúla — ina measc, sliocht ó Left-Handed March, píosa a coimisiúnaíodh ó Bhrian ag Daniel Figgis. Beidh an t-albam ar fáil ó iTunes ón 26ú Márta agus ó shiopaí roimhe sin.

Clúdach an albaim On The Nature Of Electricity & Acoustics

Tuilleadh Fuaimrianta ar an Suíomh

Éist le tuilleadh ceoil ó Bhrian ar an leathanach nua, Fuaimrianta, ó thionscnaimh cheoil éagsúla idir shean agus nua. Tá tuilleadh fuaimrianta ón albam Tionchar le cloisteáil freisin.

Físeán ó Tabernacle Folk

Brian, Darragh Morgan agus Tunde Jegede ag seinnt sa Tabernacle, Notting Hill, Londain, mí Aibreáin 2011, mar chuid den fhéile Tabernacle Folk.

Físeán Tabernacle Folk 2011 — féach ar YouTube ▶ Féach ar YouTube

Left Handed March MP3

Píosa ceoil é seo a coimisiúnaíodh ag Daniel Figgis le haghaidh trí cheolchoirm a bhí mar chuid den fhéile Snakes and Ladders, féile a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, san Opera House, Loch Garman, agus i SymphonySpace, i mBroadway, Nua Eabhrac. Atógáil scaoilte é ar an bpíosa Máirseáil Alustrum atá i gceist ó bhailiúchán an Chanónaigh Goodman de cheol Chúige Mumhan. Atheagrú le cóiriú nua de dhá chuid de Máirseáil Alustrum atá sa chéad chuid agus sa dara chuid den taifeadadh seo. Is cóiriú den sailm Steornabhagh ó Oileáin Siar na hAlban atá sa tríú chuid, agus is píosa nuachumtha atá sa phíosa deiridh.

Éist le 'Left Handed March'

The Irish-American: Ceolchoirm leis an Fidelio Trio, King's Place Londain, 23ú agus 24ú Aibreán

Mar chuid den fhéile seo, a bheas ag díriú ar ghnéithe de cheol nuachumtha ó Mheiriceá agus ó Éirinn, beidh Brian ag seinnt leis an bhFidelio Trio le haghaidh Under The Green Time ar an Aoine, an 23ú Aibreán, agus le Darragh Morgan, Mary Dullea agus Nick Perry le haghaidh ceolchoirm cheoil thraidisiúnta ar an Satharn, an 24ú.

Póstaer an cheolchoirm Irish-American, King's Place Londain
Brian Ó hUiginn Brian Ó hUiginn ag seinnt