Faoi
Píobaire agus seinnteoir feadóige as Baile Átha Cliath is ea Brian Ó hUiginn. Tá ceolchoirmeacha seinnte aige i bhfad agus i bhfos in Éirinn agus thar lear le bannaí ceoil traidisiúnta agus comhaimseartha, maraon le seinnt aonair.
Luann sé traidisiúin amhránaíochta Gaeilge na hÉireann agus, thar rud ar bith eile, amhránaíocht na Gàidhlig ar na rudaí ba mhó tionchar air. In éindí le seo bhí tionchar mór ag ceoltóirí traidisiúnta ó ghlúinte éagsúla in Éirinn, in Albain agus i gCéip Bhreatainn i gCanada air.
Sheinn sé leis an gcumadóir leictreo-acústach comhaimseartha Roger Doyle, ag seinnt píosaí dá chuid ag féile Wien Modern i Vienna, agus leis an Netherlands Blazers Ensemble ar chamchuairt san Ísiltír.
Sheinn sé agus thaifead sé freisin san Aifric Theas le Baroque 2000, ensemble barócach lonnaithe i nDurban. Thaifead sé an dlúthdhiosca Under The Green Time, albam de cheol Roger Doyle, leis an Netherlands Blazers Ensemble.
Bhí sé ar theilifís agus raidió in Éirinn agus tá sé ar dhlúthdhiosca an bhanna cheoil Bevel Jenny — Above the Clouds. Níos túisce i mbliana bhí sé ar dhuine de na gné-cheoltóirí ag an bhFéile Snakes and Ladders 2007 sa lárionad airgeadais domhanda i Nua Eabhrac. Seoladh Tionchar, an chéad dlúthdhiosca uaidh féin, i samhradh na bliana 2008.
Le déanaí chríochnaigh Brian camchuairt ghairid in Éirinn agus i Nua Eabhrac d'Fhéile Snakes and Ladders 2009 in éindí le ceoltóirí agus cumadóirí eile. Is féidir an píosa ceoil a coimisiúnaíodh don fhéile seo a chloisteáil má bhrúnn tú ar an gcnaipín 'Nua'.